Éire (bandia)

bandia
(Athsheolta ó Ériu)

Sa mhiotaseolaíocht Ghaelach, ba bhandia eapainmneach na hÉireann í Ériu, iníon Ernmas de chuid na Tuatha Dé Danann. B'é Mac Gréine a fear céile.

Infotaula de personaÉire

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Ériu
Teaghlach
CéileMac Gréine
Elatha Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBres
 ( Elatha) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairEarnmas
SiblínBadhbh, Banba, Mórrígan, Macha agus Fódhla

Ós rud é go ndéanan 'Ériu' ionadaíocht do bhandia na hÉireann, go minic léirítear í mar phearsantú na hÉireann. Is í "Ériu" an fhoirm ársa don logainm "Éire" nó "Erin" a bhíonn in úsáid sa lá atá inniu ann.

Ról agus léiriú miotasach

I dteannta lena deirfiúracha Banba agus Fódla, ba bhall í de thré-bhandéithe an fhlaithis. Nuair a tháinig Clann Mhíle go hÉirinn ón Ghailís|, d'iarr gach deirfiúr go n-ainmneofaí an tír as féin. Bronnadh seo, ach úsáidtear Ériu mar phríomhainm na tíre.[1] Feictear Banba agus Fódla scaití mar ainmneacha fileata d'Éirinn, díreach mar a úsáidtear Albion mar ainm fileata don Bhreatain Mhór.

Dar leis an staraí Éireannach den 17ú haois Seathrún Céitinn, ba iad Badhbh, Macha and Mór-Ríoghain bandéithe gaolta le hÉire, Banbha and Fódhla.[2]

Tá gaol phearsanta éagsúla luaite d'Ériu i dtéacsanna éagsúla. Deirtear gurbh é Mac Gréine a fear céile.[1][3] Deirtear fosta gurbh é a leanann é Elatha, flaith na bhFomhórach, agus bhí mac acu, Breas. Deirtear gur chlann le Delbáeth iad Elatha agus Ériu beirt, agus más fíor, leath-shiblíní is ea iad.[4] Sa Dinnseanchas Rennes, Codal Roundbreasted ba ea a hathair altrama.[5]

Ainm agus sanas

Dar leis an University of Wales, is é an fhréamh athchruthaithe Prótai-Cheiltis don ainm Éire ná *Φīwerjon- (ainmneach uatha Φīwerjō),[6] agus maíonn seo an fhoirm Phróit-Ind-Eorpais *piHwerjon-. Is dócha é go bhfuil gaol idir seo agus an fhoirm aidiachta *piHwer- "ramhar", cf. Sanskrit pīvan, f. pīvarī agus foirm ghaolmhar pīvara, "ramhar, lán, flúirseach". Tugadh go luath an t-ainm seo ar Oileán na hÉireann.

As Q-Cheiltis (.i. Próta-Ghoidelic) faightear an fhoirm athchruthaithe *īweriū[7] As an bhfoirm seo nó b'fhéidir níos déanaí, faightear as Gréigis Ἰέρνη I[w]ernē agus Ἰουερνία Iouernia. Tógadh an dara foirm acu sa Laidin mar an t-ainm Hibernia.

Foinsí

  • Boydell, Barra. "The female harp: The Irish harp in 18th- and early–19th-century Romantic nationalism", RIdIM/RCMI newsletter XX/1 (earrach 1995), ll 10–17.

Tagairtí


🔥 Top keywords: