Alexander Hamilton
Ba theoiricí polaitiúil agus státaire Meiriceánach é Alexander Hamilton (11 Eanáir 1755 [a cheaptar] – 11 Iúil 1804).
Luathshaol
Rugadh Hamilton ar oileán Nimheas, coilíneacht Bhriotanach i Muir Chairib.
Chuaigh sé san arm Meiriceánach nuair a bhris an Cogadh Réabhlóideach amach. Tháinig sé ar an tuairim go mbeadh rialtas lárnach láidir de dhíth ar an phoblacht nua.
Bhí Hamilton ar na húdair a scríobh na Páipéir Fheidearálacha, a chabhraigh go mór le cúis an bhunreachta nua a bhaint amach.
Rialtas
Faoin Uachtarán George Washington, rinneadh an chéad rúnaí ar státchiste Mheiriceá de.
Bhí tionchar mór ag Hamilton ar fhorbairt an náisiúin nua ach chuaigh sé i gcoimhlint le Thomas Jefferson, a bhí go láidir ar son cearta na stát aonar, agus ansin le hAaron Burr, polaiteoir uaillmhianach as Nua-Eabhrac.
Bás
Fuair Hamilton bás i ndiaidh a bheith gortaithe i gcomhrac aonair le Burr.