Aloysius Lilius

réalteolaí Iodálach

Dochtúir, réalteolaí,fealsamh agus croineolaí, agus chomh maith le sin uilig, ina "údar príomhúil " ab ea Aloysius Lilius, a chuir an moladh sin ar aghaidh (tar éis é a bheith modhnuithe) le haghaidh an fhéilire Ghréagóra, sa bhliain 1582.[1][2]

Infotaula de personaAloysius Lilius

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1510 (Féilire Ghréagóra)
Cirò, Calabria Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1576
65/66 bliana d'aois
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreMíochaine, dochtúir leighis, fealsamh, croineolaíocht, réalteolaíocht agus réalteolaí
Gairmfealsamh, matamaiticeoir, dochtúir leighis, múinteoir ollscoile, réalteolaí, fisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Perugia Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Laidin

Tá an cráitéar Lilius ar an Ghealach ainmnithe as, mar atá an astaróideach 2346 Lilio. San eolaíocht ríomhaireachta, is éard is an 'Dáta Lilius' ann ná líon na laethanta ó ghlacadh leis an féilire Ghréagóra ar an 15 Deireadh Fómhair 1582.

Saol agus saothar

Ní mórán ar eolas againn faoi luathshaol Lilius/Lilio/Giglio. Tá sé ar eolas gur tháinig sé ó Chalabria, an Iodáil, ó Chiro. Rinne sé staidéar ar leigheas agus réalteolaíocht i Napoli, agus ina dhiaidh rinne sé seirbhís don Iarla Carafa.[3] Shocraigh sé síos i Verona agus a fuair se bás sa bhliain 1576. Cé go raibh sé fós beo ag an am nuair a chuiread a mholtaí i láthair sa Róimh, is cosúil nach ndearna sé féin an cur i láthair; láimhseáladh a dheartháir Antonio  (a bhí ina dhochtúir agus réalteolaí freisin). ) an gnó. [4]

Mar "an t-údar príomhúil " is fearr aithne air, údar an tsaothair  'An Féilire Ghréagóra': scríobh sé an togra (tar éis iad a bheith modhnuithe) ar a raibh leasú an fhéilire bunaithe. Bhronn Antonio, deartháir Lilius an lámhscríbhinn ar an Phápa Gréagóir XIII; cuireadh ar aghaidh é chuig an Choimisiúin um Athchóiriú an Fhéilire sa bhliain 1575.[5] D'eisigh an coimisiún achoimre chlóite dar teideal Compendium novae rationis restituendi kalendarium (Coimre de Phlean Nua le haghaidh Athdheisiúcháin an Fhéilire), i gcló sa bhliain 1577 agus scaipeadh é laistigh den dhomhan Caitliceach Rómhánach, go luath sa bhliain 1578 mar cháipéis chomhairliúcháin. ní fios dúinn ar tháinig lámhscríbhinn Lilius féin slán; is éard an 'Compendium' clóite an  fhoinse is gaire, atá ar fáil againn go fóill.[6][7]

Mar gheall ar chúinsí na bpróiseas comhchomhairle agus plé, ní fhaca an Féilire solas an lae go dtí 1582, sé bliana tar éis bháis Lilius i 1576. Faoin am sin, fuair an t-athchóiriú roinnt modhnuithe i bpointí mioneolais ag an gCoimisiún um Athchóiriú. Bhí Christophorus Clavius ar cheann de na príomhchomhaltaí ar an Choimisiún, agus ina dhiaidh sin scríobh sé cosaintí agus míniú ar an fhéilire athchóirithe, lena n-áirítear aitheantas láidir a thabhairt d'obair Lilius, ach go háirithe ar a shaothar úsáideach le haghaidh athchóiriú ar an chiogal Mheatóin: "We owe much gratitude and praise to Luigi Giglio who contrived such an ingenious Cycle of Epacts which, inserted in the calendar, always shows the new moon and so can be easily adapted to any length of the year, if only at the right moments the due adjustment is applied."[8]  Eisíodh an bulla de chuid an Phápa (Inter gravissimas) ar 24 Feabhra 1582, ag tabhairt orduithe don chléir Chaitliceach glacadh leis an fhéilire nua, agus ag gríosú  na bhflatha Caitliceacha déanamh amhlaidh.

Ba í an bhliain 2010 an 500 bliain ó bhreith lá Lilius; d'eagraigh réalteolaithe na hIodáile roinnt gníomhaíochtaí d'fhonn aitheantas a thabhairt don obair iontach a rinne sé dó. Go háirithe, i Torretta di Crucoli (Crotone, an Iodáil), cruthaíodh grúpa nua réalteolaíoch agus iad a bheith tiomanta do Aloysius Lilius: Circolo Astrofili Luigi Lilio Torretta (C. A. L. L. T.) Curtha i gcartlann 2019-12-09 ar an Wayback Machine.

Féach freisin

Nótaí

Tagairtí

  • Moyer, G. (November 1982). "Luigi Lilio and the Gregorian reform of the calendar". Sky and Telescope 64 (11): 418–9. Bibcode: 1982S&T....64..418M. .
  • Bond, J. J. (1966). "Handy Book of Rules and Tables for Verifying Dates within the Christian Era". Russell & Russell, a Division of Atheneum House Inc.. .
  • Encyclopædia Britannica. Chicago: Encyclopædia Britannica, Inc. 1980. p. 602. {{cite encyclopedia}}: Missing or empty |title= (cabhair).

Naisc sheachtracha

🔥 Top keywords: