Ballnasc
Banda fíocháin chrua a cheanglaíonn cnámha (trasna ailt, mar shampla) nó a thacaíonn le horgáin inmheánacha (ballnaisc an pheireatóinéim mar shampla). De ghnáth is as collaigin dhoshínte, eagraithe i mburlaí comhthreomhara, a bhíonn na ballnaisc comhdhéanta, ach i gcuid acu bíonn fíochán leaisteach a ligeann le gluaiseacht theoranta. Nuair a bhaineann siad le hailt, athraíonn siad ó ramhrú chochall an ailt go dtí struchtúir thábhachtacha taobh istigh is amuigh den chochall, le tiús a athraíonn i gcomhréir leis na fórsaí is gá dóibh a sheasamh. Feidhmíonn siad chun réabadh meicniúil an ailt a sheachaint, agus mar orgáin chéadfacha chun gluaiseacht is ionad an ailt a bhrath.[1]
Sonraí | |
---|---|
Laidin | ligamenta |
Aitheantóirí | |
MeSH | D008022 |
TA | A03.0.00.034 |
FMA | 30319 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/ligament |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Tagairtí
🔥 Top keywords: