Beannchar (Contae Mhaigh Eo)
In iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann atá Beannchar (Béarla: Bangor Erris). Tá an sráidbhaile in Iorras. Bhí cónaí ar 465 duine i dtoghroinn Beannchar i 2011 agus bhí cónaí ar 293 duine sa sráidbhaile féin.
Beannchar | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Mhaigh Eo | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 96 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Choinadaigh (Kennedy's Wood) a thugtaí ar an áit, ainm atá le fáil ar mhapaí ó 1724 - 1829. 'Coineadach' a bhí ag Seán Ó Donnabháin air in Ordnance Survey Name Books na bliana 1838. Sa bhliain 1802 thug James McPartlan (Statistical Survey lch.159) 'Cahal' ar an sráidbhaile agus dúirt go mbíodh aonaigh ar siúl ann: "Aonach Chathail" a thugadh muintir an cheantair air. Ba é Major Denis Bingham a bhaist an t-ainm 'Bangor' nó "Beannchar" ar an mbaile.
🔥 Top keywords: