Boutros Boutros-Ghali
6ú Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe (1922-2016)
Ba taidhleoir Éigipteach é Boutros Boutros-Ghali (Araibis: بطرس بطرس غالي); Caireo, 14 Samhain 1922 – Caireo, 16 Feabhra 2016). Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar na Náisiún Aontaithe idir 1992 agus 1997. Mac le Boutros Ghali atá ann, Príomh-aire na hÉigipte ó 1908 go dtí gur fheallmharíodh é sa bhliain 1910.
Cuimhnítear ar théarma Ghali mar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe mar cheann conspóideach, ós rud é gur theip ar an eagraíocht dul i ngleic leis an gcinedhíothú i Ruanda, an cogadh cathartha in Angóla agus na cogaidh san iar-Iúgslaiv.
Is eisean an t-aon Ard-Rúnaí nár bhain an dara téarma amach.
Tagairtí
🔥 Top keywords: