Braisle réaltaí

Grúpa réaltaí a bhaineann le chéile go fisiciúil sa spás. I mbraislí oscailte nach bhfuil dlúth le chéile is iad i bplána an réaltra, ní bhíonn ach idir cúpla dosaen is cúpla céad iontu, agus iad óg go leor. Faightear braislí dlútha cruinneogacha scaipthe i bhfáinne timpeall réaltraí. Bíonn siad seo cruinn, na céadta míle réalta iontu is iad an-sean, chomh sean leis an réaltra féin.[1]

Braisle réaltaí

Tagairtí

🔥 Top keywords: