Buamáil Hillcrest Bar (1976)


Ar an 17 Márta 1976, maraíodh ceathrar nuair a rinne Óglaigh Uladh ionsaí buama ar an teach tábhairne Hillcrest Bar ar Bhóthar Dhomhnach Mór, Dún Geanainn.[1] Níos déanaí, buaileadh go dona James (John) Donnelly. Níor tháinig sé slán as an ionsaí.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Hillcrest Bar
Cineálcarrbhuamáil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana17 Márta 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhDún Geanainn, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna4 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe50 Cuir in eagar ar Wikidata
Óglaigh Uladh

Cúlra

Sa bhliain 1975, d'fhógair an tIRA Sealadach sos comhraic. agus d'atosaigh rialtas na Breataine agus an tIRA ag idirbheartú. D'aontaigh an IRA stop a chur le hionsaithe ar fhórsaí slándála na Breataine, agus chuir na 'fórsaí slándála' deireadh lena gcuid ruathair agus cuardaigh, den chuid is mó. Ach chuir na cainteanna seo eagla ar na Dílseoirí. Mar sin chuaigh na dúnmharuithe seicteacha in olcas le linn an tsosa comhraic. Mharaigh an UVF 120 Caitliceach le linn na bliana 1975.

Bhí an Drong Ghleann Anna / Óglaigh Uladh freagrach as an mbuamáil. Is i dtriantán an áir nó an ‘murder triangle’ i lár agus tuaisceart Chontae Ard Mhacha agus in oirthear Thír Eoghain a chothaigh an drong sceon i measc Chaitliceach ar feadh deich mbliana. I measc na ndaoine a mharaigh siad bhí baill an Miami Showband, muintir Reavey, Denis Mullen, ball aitheanta den SDLP agus an gasúr 13 bliain d’aois, Patrick Barnard roimh an Hillcrest.

Imeachtaí

Maraíodh Patrick Barnard (13) agus gasúr eile, James McCaughey (12) a bhí ag súgradh ar an tsráid i nDún Geanainn Lá ’le Padraig 1976 nuair a phléasc buama i gcarr taobh amuigh den Hillcrest Bar. Maraíodh Joseph Kelly sa teach tábhairne (57) agus maraíodh Andrew Small (62) a bhí ag dul thar bráid ar a bhealach abhaile ón Aifreann.[2]

Níos déanaí buaileadh go dona James (John) Donnelly taobh thiar den Cregagh Inn, sa cheantar Woodstock Road i mBéal Feirste. Bhí sé ag ól sa teach tábhairne, san áit mhícheart ag an am mícheart. Fuath seicteach a bhí taobh thiar den dúnmharú brúidiúil. Fógraíodh a bhás ar an 18 Márta.[3][4]

Caitlicigh ba ea na híospartaigh go léir.

Cóir

Sa bhliain 1981, ciontaíodh Garnet James Busby as an mbuamáil. D'ainmnigh sé a chomhghleacaithe ach níor ciontaíodh duine ar bith eile.

Ciontaíodh Davy McMaster, ball den drong Ginger Baker[5] / Ned McCreery,[6] as dúnmharú James (John) Donnelly.[7]

D’iarr Edward Barnard, deartháir le Patrick, a an t-athbhreithniú breithiúnach sa bhliain 2015. Theastaigh uaidh go ndearbhódh an Ardchúirt i mBéal Feirste nár fiosraíodh bás a dhearthár ná ról dhrong Ghleann Anna i gceart; mhúscail an fhianaise faoi chlaonpháirteachas ceisteanna dlisteanacha faoi ról an stáit. Mhaígh sé gur theip ar an HET (fiosrú ar choireanna stairiúla[8]) an tuairisc uileghabhálach faoi eachtra an Hillcrest Bar agus claonpháirteachas le buíon Ghleann Anna a sholáthar. Thairis sin theip ar an PSNI bailchríoch a chur ar an scrúdú a bhí cóir a bheith críochnaithe ag an HET nuair a baineadh an cúram díobh, dar leis. D’éiligh sé rialú cúirte a chuirfeadh ar ceal cinneadh an PSNI nach ndéanfaí tuairisc uileghabhálach ar chlaonpháirteachas le drong Ghleann Anna.[2][9]

Ina rialú dúirt an Breitheamh Seamus Treacy go raibh ionchas dlisteanach ag gaolta na ndaoine a maraíodh san ionsaí ar an Hillcrest Bar go bhfoilseodh an HET cuntas uileghabhálach ar an eachtra agus ar na naisc idir í agus ionsaithe eile dhrong Ghleann Anna. Chinn an breitheamh chomh maith gur athrú polasaí i dtaca leis an bhfiosrú is lú atá dlite don saoránach ab ea cinneadh an Phríomh-Chonstábla Baggott go n-aistreofaí an obair ón HET chuig roinn den PSNI, go raibh an beart sin ar neamhréir le riachtanais chearta daonna agus gur chinntigh sé nach raibh seans ar bith ar fhiosrú críochnúil ar na cásanna a luaitear le marfóirí Ghleann Anna.[2][9]

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: