Cónasc (réalteolaíocht)

Sa réalteolaíocht, is éard is cónasc[1][2] ann ná ailíniú dhá rinn neamhaí mar a fheictear iad ón Domhan (mar shampla, pláinéad leis an nGrian). Bíonn na pláinéid lasmuigh, atá níos faide amach ón nGrian ná muid, i gcónasc nuair a luíonn siad díreach taobh thiar den Ghrian. Bíonn dhá shaghas cónaisc ag Mearcair is Véineas, na pláinéid atá níos gaire don Ghrian ná muid. Bíonn siad i gcónasc íochtair[3] nuair a luíonn idir an Domhan is an Ghrian, agus i gcónasc uachtair[4] nuair a luíonn díreach taobh thiar den Ghrian. I ngach cás, tarlaíonn an cónasc ag an nóiméad a bhíonn an dá rinn ag an domhanfhad neamhaí céanna.[5]

Comhchuingiú

Tagairtí

🔥 Top keywords: