Cat crainn
speiceas mamach
Ainmhí is ea an cat crainn[1] nó an mártan (Gaeilge na hAlban: taghan).[2][3] Mamach atá ann, agus is ball d'fhine na Mustelidae é.
Martes martes | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 12848 |
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Mustelidae |
Géineas | Martes |
Speiceas | Martes martes (Linnaeus, 1758) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Mustela martes |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Sanasaíocht
Baineann an t-ainm lena lán logainmeacha m.sh. Carraig an Chait (Co. Mhaigh Eo)[4] agus Cnocán an Chait (Co. na Gaillimhe).[5][6][7]
Dáileadh agus gnáthóg
Tá an cat crainn fós sách neamhchoitianta in Éirinn, ach tá an pobal ag téarnamh agus ag scaipeadh; go traidisiúnta, is san iarthar agus sa deisceart atá a chuid daingean traidisiúnta, go háirithe i mBoirinn agus i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, ach tá méadú suntasach tagtha ar an bpobal i lár na tíre le blianta beaga anuas.[8]
Tagairtí
🔥 Top keywords: