Dara Poblacht na Spáinne
Ba í Dara Poblacht na Spáinne an rialtas a bhí ann sa Spáinn idir 14 Aibreán, 1931, nuair a theith Rí Alfonso XIII as an dtír, agus 1 Aibreán, 1939, nuair a ghéill fórsaí deireanacha na bPoblachtánach go fórsaí Franco (na Náisiúnaigh) nuair a tháinig Cogadh Cathartha na Spáinne chun críche.[1]
Dara Poblacht na Spáinne | |||||
---|---|---|---|---|---|
| |||||
Aintiún | Himno de Riego | ||||
Mana | «Plus ultra (en) » | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Maidrid agus Barcelona | ||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | An Spáinn | ||||
Cruthú | 14 Aibreán 1931 | ||||
Díscaoileadh | 1 Aibreán 1939 | ||||
Á leanúint ag | Junta de Defensa Nacional (en) | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil Deputies | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | peseta |
Bunreacht 1931
Glacadh le Bunreacht nua ar an 9 Nollaig, 1931. Don chéad uair, tugadh féinrialú do réigiúin na Spáinne. D'athraíodh siombail na tíre (an t-amhrán Himno de Riego mar amhrán náisiúnta).
An Rialtas go dtí 1936
Fuair an PSOE[2] an vóta is mó sa toghchán, chomh maith le páirtithe eile ón taobh clé. Bhí Manuel Azaña, ceannaire an pháirtí Acción Republicana,[3] mar cheannaire ar an rialtas go dtí 1933, i gcomhrialtas leis an PSOE agus na páirtithe eile ar an taobh clé.
Ar an 19 Samhain 1933, d'fhógair an rialtas olltoghchán. Bhuaigh páirtithe na heite deise an toghchan.
Bhí Éirí Amach mór sa bhliain 1934,[4] agus cuireadh na mianadóirí in Asturias faoi chois tar éis tamaill.
Olltoghchán 1936
Reáchtáladh olltoghchán sa bhliain 1936, agus bhuaigh an Fronta Pobail[5] (na Sóisialaigh srl) 4,654,116 vóta (263 suíochán) i gcoinne 4,503,524 (156) do na Náisiúnaigh (ar an taobh dheis). Toghadh Manuel Azaña mar uachtarán.
Ar an 17 Iúil d'éirigh an t-arm amach in aghaidh an rialtais. Thosaigh an t-éirí amach i Maracó na Spáinne. ach go luath scaip sé ar fud na tíre.
Deireadh na Poblachta
Ar 2 Feabhra 1939, cothrom 3 bliana a mbua toghchánaíochta beagnach, ag an bhFronta Pobail, d'éirigh Azaña as d'éirigh Azaña as Uachtaránacht ar an Dara Poblacht.[6] In oifig, 1931-1939, bhí sé deacair dó an teoiric a chur ag obair go praiticiúil.
Féach freisin
- Manuel Azaña
- an Fronta Pobail (an Spáinn, 1936-1939)
- Cogadh Cathartha na Spáinne
- Céad Phoblacht na Spáinne