Deutsche Mark
Airgeadra sa Ghearmáin ba ea an Deutsche Mark (nó Deutschmark ,nó D-Mark agus DM i nGearmáinis), i gcúrsaíocht ó 1948 go dtí 1999/2002, nuair a seoladh an euro mar 'aonad cuntais' na hEorpa.[1]
Críocha infheidhme | |
---|---|
Tréithe | |
Cód ISO 4217 | DEM |
Giorrúchán nó siombail | DM |
Banc ceannais | Bundesbank agus Bank deutscher Länder (en) |
Ráta malairte | |
Croineolaíocht | |
1948- 2002 | |
Euro → | |
Stair
I Meitheamh 1948, bhunaigh na comhghuaillithe airgeadra nua in Iarthar na Gearmáine darbh ainm an Deutschmark.[2] Bhí sé seo riachtanach le borradh eacnamaíochta a spreagadh.
Níor iarradh tuairim Stailín faoi seo. Chonaic seisean seo mar an chéad chéim in athstruchtúrú na Gearmáine agus mar bhagairt arís ar an Rúis.
Malairt
Bhí an Reichsmark agus Rentenmark ann roimhe sin, agus bhí na rátaí malairte i 1948 casta go leor (bhí na coigilteoirí míshásta). Bhí Ludwig Erhard i mbun cúrsaí airgeadais ag an am (Seansailéir ar an nGearmáin níos déanaí) agus tugadh isteach an DM ar an 20 Meitheamh 1948.