Docsáil
Is téarma é docsáil[1] (nó doxing nó doxxing) a dhéanann cur síos ar an nósmhaireacht eolas nó sonraí príobháideacha daoine a fhoilsiú (a chur ar líne de ghnáth) agus gan cead.[2]
Sampla
Cuireann an cuntas @elonjet[3] faisnéis faoi chúrsaí eilteáin phríobháidigh ar na meáin shóisialta (Facebook, Instagram, Telegram, Truth Social, Mastodon ... agus Twitter, go dtí 15 Nollaig 2022). Faisnéis é seo a fhoilsíonn an Federal Aviation Authority faoi chúrsa gach eitleán príobháideach. D'oscail Jack Sweeney[4] (a rugadh sa bhliain 2002) an cuntas seo agus cuntais go leor eile (faisnéis faoi fhir gnó timpeall an domhain agus faoi chúrsaí na n-eitleán príobháideach).
Sa bhliain 2022, cheap Elon Musk, úinéir Twitter, go raibh Jack Sweeney i bhfad ródhána, agus chuir sé an cuntas @ElonJet, srl ar Twitter ar fionraí.