Duillárthach
cineál báid
Soitheach í duillárthach[1][2] ar féidir a thoillíocht (an toirt uisce a thógann nó a dhíláithríonn sé chun a bhuacacht a chinntiú) a laghdú trína ardú amach as an uisce tar éis luas áirithe a bhaint amach.
Saintréithe teicniúla | |
---|---|
Cineál | watercraft (en) |
Bíonn scragaill gléasta ar thaobhanna an tsoithigh níos doimhne ná doimhneacht na cabhlach, ionas go mbíonn siad mar eiteoga san aer agus an soitheach ag cúrsáil.
Rinneadh trialacha ar a leithéid de shoitheach san Iodáil i 1906, ach níor cuireadh i seirbhís chumarsáideach é go dtí na 1950idí. Éiríonn leis na hárthaí seo ar locha agus farraigí mar a mbíonn na huiscí socair an chuid is mó den am.[3]
Féach freisin
Tagairtí
🔥 Top keywords: