Gach bliain aithníonn Duaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip (EBBA)[1] an rath a tháinig ar 10 n-ealaíontóir nó ngrúpa a shroicheann lucht éisteachta lasmuigh dá dtíortha féin leis an gcéad albam uathu a eisíodh go hidirnáisiúnta sa bhliain roimhe sin. Ar bhuaiteoirí Dhuais na mBristeoirí Teorann san Eoraip áirítear Adele, Tokio Hotel, The Baseballs, Zaz, Lykke Li, Milow, Katie Melua, Damien Rice, Caro Emerald, Stromae and Mumford & Sons.[1]
An Coimisiún Eorpach a sheol Duaiseanna EBBA agus is duaiseanna de chuid an Aontais Eorpaigh iad.[2] Fundúireacht Noorderslag, a bhfuil de chúram uirthi dáileadh phopcheoil na hEorpa a spreagadh, a eagraíonn an roghnú agus searmanas an bhronnta.[3]
Clár Mhalartú Buanna na hEorpa (ETEP), a chruthaíonn líonra idir fhéilte popcheoil Eorpacha, rud a éascaíonn áirithint bannaí ceoil ó lasmuigh dá dtír dhúchais.[4] Fairis sin, tugann sé eolas do na meáin faoi ealaíontóirí Eorpacha atá ag teacht chun cinn.[5]
Buaiteoirí a roghnú
Is ar bhonn na gcritéar seo a leanas a roghnaítear na healaíontóirí nó na grúpaí a ainmnítear do Dhuaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip:
Rath na chéad eisiúna idirnáisiúnta i dtíortha Eorpacha eile seachas tír dhúchais an ealaíontóra sa bhliain roimhe sin.
Am seinnte raidió a thug Aontas Craolacháin na hEorpa (EBU) don ealaíontóir ar a gcainéil raidió.
Rath an ealaíontóra ag féilte Eorpacha (ETEP) lasmuigh dá tír/thír dhúchais.[6]
Duais Rogha an Phobail
Ó 2010, bíonn vótáil ar líne le teacht ar an mbuaiteoir Dhuais EBBA a gheobhaidh Duais Rogha an Phobail, anuas ar ar ngnáthdhuais.[7] An chéad bhuaiteoir, b'shin an t-amhránaí-cumadóir ceoil Milow.[8] Bhuaigh an banna raic is roll Gearmánach The Baseballs in 2011.[9]
An seó
Ó 2009 bíonn searmanas na nduaiseanna ar siúl in Eanáir gach bliain, le linn na féile Eurosonic Noorderslag, i gcathair Groningen na hÍsiltíre,arna léiriú ag an aoi is ceoltóir BBC Jools Holland.[7] Ceolann buaiteoirí Dhuais EBBA beo i rith an tseó, agus le linn na féile féile féin. Tugtar cuireadh do bhuaiteoirí na mblianta roimhe sin casadh mar aíonna speisialta. Taifeadann an cainéal craolacháin poiblí NOS/NTR and searmanas agus craoltar trí NET3 é.[10] Craoltar an seó gach bliain ar roinnt cainéal teilifíse Eorpach.
Cúlra
An Coimisiún Eorpach a thionscain Duaiseanna EBBA in 2004.[2] Trí na duaiseanna, tá faoin gCoimisiún Eorpach cúrsaíocht thrasteorann an phopcheoil a spreagadh agus aird a tharraingt ar mhór-éagsúlacht ceoil na hEorpa. Clár Cultúir an Aontais Eorpaigh a thacaíonn le Duaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip, agus tá faoi soghluaisteacht thrasteorann na n-ealaíontóirí is na ngairmiúlach ceoil a spreagadh; cúrsaíocht thrasteorann an aschurtha chultúrtha is ealaíne a mhisniú; agus comhphlé idirchultúrtha a chothú.[7]