Facs
Tarchur macasamhail cáipéise, léaráide, is grianghraif thar an líonra teileafóin, ar fáil go huiledhomhanda ó 1986.
Forbraíodh an córas ó fhionnadh na teilighrianghrafadóireachta ag Arthur Korn i 1907, agus fionnadh an bheilineagraif ag Edouard Belin i 1925.
Anois scantar an bhuncháipéis le léas léasair, agus códaítear go digiteach í le tarchur don ghlacadóir. Ansin déantear é a phriontáil líne i ndiaidh líne ar pháipéar teirmíogair nó gnáthpháipéar.
Tógann sé 15 soicind ar a laghad leathanach A4 a tharchur.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: