Falco

géineas éan

Is géineas éan creiche é Falco[1][2] ina bhfuil thart ar 40 speiceas. Tugtar fabhcún ar roinnt acu, ach cuimsíonn Falco éin a dtugtar “seabhac” agus “pocairí gaoithe” orthu freisin.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFalco Cuir in eagar ar Wikidata

Fabhcún coille Eoráiseach Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdFalconiformes
FineFalconidae
FofhineFalconinae
GéineasFalco Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Ainmníocht
Géineasfirinscneach Cuir in eagar ar Wikidata

Speicis

PictiúrGnáthainmAinm LaidineRaon
Pocaire gaoithe Newton[3]Falco newtoniMadagascar, Mayotte, agus Oileáin Chomóra.
Pocaire gaoithe Séiséalach[4]Falco araeusNa Séiséil
Pocaire gaoithe Oileán Mhuirís[5]Falco punctatusOileán Mhuirís.
Pocaire gaoithe breacFalco moluccensisWallacea agus Iáva.
Pocaire gaoithe AstrálachFalco cenchroidesAn Astráil agus an Nua-Ghuine.
Pocaire gaoithe coiteann[6]Falco tinnunculusForleathan san Eoraip, san Áise, agus san Afraic, agus faightear é ar chósta thoir Mheiriceá Thuaidh uaireanta freisin.
Pocaire gaoithe ailleFalco rupicolusAngóla, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Tansáin, agus an Afraic Theas.
Pocaire gaoithe mórFalco rupicoloidesAn Namaib, an Bhotsuáin, an tSiombáib, Angóla, an tSaimbia, agus an Afraic Theas.
Pocaire gaoithe sionnaighFalco alopexLaisteas den Sahára san Afraic.
Mionphocaire gaoithe[7]Falco naumanniAn Mheánmhuir, Lár na hÁise, an tSín agus an Mhongóil.
Pocaire gaoithe liathFalco ardosiaceusAn Aetóip, an Chéinia, agus an Tansáin.
Pocaire gaoithe DickinsonFalco dickinsoniMósaimbíc, an tSiombáib, an tSaimbia, an Mhaláiv, agus oirthuaisceart na hAfraice Theas.
Pocaire gaoithe bandachFalco zoniventrisMadagascar.
Fabhcún píbruaFalco chicqueraAn Afraic agus an India.
Fabhcún cosdearg[8]Falco vespertinusAn Rúis, an Úcráin.
Fabhcún AmurFalco amurensisOirdheisceart na Sibéire agus tuaisceart na Síne.
Fabhcún Eleonora[9]Falco eleonoraeAn Ghréig, an Chipir, na hOileáin Chanáracha, agus an Mheánmhuir.
Fabhcún súicheachFalco concolorOirthuaisceart na hAfraice agus Murascaill na Peirse.
Pocaire gaoithe MeiriceánachFalco sparveriusAlasca, Ceanada, na Stáit Aontaithe, Meicsiceo, agus an Mhuir Chairib.
Fabhcún AplomadoFalco femoralisMeicsiceo, Oileán na Tríonóide, agus Meiriceá Theas.
Meirliún[10]Falco columbariusAn Eoráise, tuaisceart na hAfraice, Meiriceá Thuaidh.
Fabhcún ialtóigeFalco rufigularisMeicsiceo, Meiriceá Láir, Meiriceá Theas.
Fabhcún broinnoráisteFalco deiroleucusDeisceart Mheicsiceo go tuaisceart na hAirgintíne.
Fabhcún coille Eoráiseach[11]Falco subbuteoAn Afraic, an Eoraip, agus an Áise.
Fabhcún coille AfracachFalco cuvieriiAn Afraic.
Fabhcún coille oirthearachFalco severusOirthear na Himiléithe agus ó dheas go dtí an Ind-Sín agus an Astraláise.
Fabhcún coille AstrálachFalco longipennisAn Astráil.
Fabhcún na Nua-Shéalainne nó kāreareaFalco novaeseelandiaeAn Nua-Shéalainn.
Fabhcún donnFalco berigoraAn Astráil agus an Nua-Ghuine.
Fabhcún liathFalco hypoleucosAn Astráil.
Fabhcún dubhFalco subnigerAn Astráil.
Fabhcún Lanner[12]Falco biarmicusAn Afraic, oirdheisceart na hEorpa.
Fabhcún Laggar[13]Falco juggerAn Iaráin, an Afganastáin, an Phacastáin, an India, Neipeal, an Bhútáin, an Bhanglaidéis, agus Maenmar.
Fabhcún Saker[14]Falco cherrugOirthear na hEorpa, an Meánoirthear, lár na hÁise, agus an tSín.
Fabhcún tuaithe[15]Falco rusticolusAn Ghraonlainn, Ceanada, Alasca, an Íoslainn, agus an Iorua.
Fabhcún machaireFalco mexicanusIarthar Mheiriceá Thuaidh.
Fabhcúon gorm[16]Falco peregrinusIltíreach
Fabhcún TaitaFalco fasciinuchaAn Chéinia

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: