Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann
Is í Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann foireann rugbaí oileáin na hÉireann. Imríonn siad i gComórtas na Sé Náisiún.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Leasainm | The Shamrocks XV | ||||
Cineál | foireann rugbaí náisiúnta Éire | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 15 Feabhra 1875 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | Rugbaí Aontais | ||||
Ionad baile | Staidiam Aviva: Baile Átha Cliath . 51,700 | ||||
Limistéar oibriúcháin | Éire | ||||
Trealamh | Canterbury of New Zealand (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Príomhchóitseálaí | Andy Farrell (en) | ||||
Bord rialaithe spóirt | Cumann Rugbaí na hÉireann | ||||
Suíomh gréasáin | irishrugby.ie… | ||||
Stair
Tá ceithre Caithréim Mhór na Sé Náisiún buaite ag an bhFoireann - in 1948, 2009, 2018 agus 2023 ː
- 1948
Bhuaigh Eire an ‘Chaithréim Mhór den chéad uair in 1948. I mBéal Feirste, ar Pháirc an Fhiaich Dhuibh, a imríodh an cluiche sin. Bhuaigh Karl Mullen, Jack Kyle agus na hÉireannaigh ar an mBreatain Bheag 6-3 ar 13 Márta 1948.[2][3]
- 2009
Thug an fhoireann an lá leo i gcoinne na Breataine Bige, 15-17. Bhí Brian O’Driscoll ina chaptaen ar an bhfoireann.[4]
- 2018
Bhuaigh Éire an cluiche deireanach ar 17 Márta 2018 in Twickenham le scór 24-15 v Sasana.[5][6] Bainisteoir Joe Schmidt.[7]
- 2023
Bhuaigh Éire an cluiche deireanach ar 18 Márta 2023 sa Staid Aviva le scór 29-16 v Sasana, an chéad Grand Slam riamh a buadh i mBaile Átha Cliath.[8]. Dhaingnigh bua na Sé Náisiún stádas na Foirne mar an fhoireann is fearr ar domhan ag an am.. Bainisteoir Andy Farrell agus Captaen Johnny Sexton.[9][10]