Fuinneamh comhleá

Chun comhleá núicléach a chur chun cinn, ní mór na núicléis bheaga atá araon luchtaithe go dearfach a bhrú chomh gar sin dá chéile go sáraítear a gcomhéaradh. I dtíortha ar fud an domhain, táthar ag iarraidh an t-imoibriú seo a chur ar siúl ar bhonn leanúnach stiúrtha chun fuinneamh comhleá a fháil uaidh agus cumhacht leictreach a ghiniúint uaidh sin.[1][2] Dá mbeadh fuinneamh comhleá againn, ní bheadh astaíochtaí gás ceaptha teasa ná dramhaíl radaighníomhach ann.[3]

5 Nollaig 2022ː Lawrence Livermore National Laboratory, National Ignition Facility

Ar 5 Nollaig 2022, dúirt eolaithe[4] in California go raibh "mórfhionnachtain" déanta acu ab fhéidir an bealach a réiteach don fhuinneamh glan san am atá romhainn. Tar éis leathchéad bliain de thaighde ar chomhleá núicléach, maítear gur scaoileadh ní bá mhó fuinnimh ná a cuireadh isteach den chéad uair, feiniméan ar a dtugtar adhaint nó méadú fuinnimh.[5] Chuir eolaithe ar fud an domhain fáilte roimh an fhionnachtain seo, ach tá a lán le déanamh sula mbeidh fuinneamh comhleá glan ann.[3][6]

Féach freisin

Nasic

Tagairtí

🔥 Top keywords: