Scéala Éireann
(Athsheolta ó Irish Press)
Is é Scéala Éireann an t-ainm Gaeilge a bhí á thabhairt ar an Irish Press agus an Sunday Press. Nuachtáin Éireannacha de chuid an Press Group a bhí iontu, comhlacht foilsitheoireachta a chuir teaghlach De Valera ar bun agus a foilsíodh idir 5 Meán Fómhair, 1931 agus 1995. Bhí sé de sprioc ag an nuachtán lucht léitheoireachta de 100,000 a bhaint amach, rud a rinne sé gan mhoill. Bhí ciorclaíocht de 200,000 aige ag barr a réime. Bhí Cearbhall Ó Dálaigh ina eagarthóir Gaeilge air tráth.
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Am tosaigh | 1931 |
Am deiridh | 1995 |
Bunaitheoir(í) | Éamon de Valera |
Tréith | |
Formáid nuachtáin | mórbhileog |
An mana a bhí aige ná "Do chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann."
Tagairtí
🔥 Top keywords: