Joseph Paxton
Garraíodóir is ailtire a rugadh gar do Woburn Shasana ab ea an Ridire Joseph Paxton (3 Lúnasa 1803 – 8 Meitheamh 1865). Dhear sé an foirgneamh don Taispeántas Mór i 1851 ar tugadh an Pálás Criostail air. Aistríodh an foirgneamh go Sydenham tar éis an Taispeántais, ach scrios dóiteán é i 1936. Shaothraigh Paxton banana Cavendish freisin, an cineál banana is mó díol i dtíortha an Iarthair anois.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: