Lá Idirnáisiúnta an Aistriúcháin
Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an Aistriúcháin ar an 30 Meán Fómhair,[1] Lá Féile Iaróm (tugtar Diarmaid air uaireanta as Gaeilge), an naomh a d’aistrigh an Bíobla go Laidin agus atá ina éarlamh ar aistritheoirí.[2]
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Ainmnithe in ómós | aistriú |
Bailíocht | 1953 - |
Lá | 30 Meán Fómhair |
Bunaitheoir(í) | Cónaidhm Idirnáisiúnta Aistritheoirí |
Príomhábhar | aistriú |
D'ainmnigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe den 24 Bealtaine 2017 (Rún A/RES/71/288) an 30 Meán Fómhair an Lá.[3]
Is fiú ceiliúradh a dhéanamh ar an lá seo ar cheird ársa an aistriúcháin agus an méid a chuireann sí le cumarsáid, leis an litríocht agus le mionteangacha dúchasacha ar fud an domhain.
Féach freisin
- Naomh Iaróm
Naisc sheachtracha
- "7 Moladh Aistriúcháin Duit" ː roinneann saoi an aistriúcháin Áine Ní Chonghaile, iar-stiúrthóir Europus Teoranta, roinnt leideanna le NÓS[4]
Tagairtí
🔥 Top keywords: