Luadar

Frithghníomh gluaisne nó treoshuite orgánaigh mar fhreagairt ar spreagadh. Is féidir go mbeidh ceimealuadar (freagairt ar spreagadh ceimice), fótaluadar (freagairt ar spreagadh solais), nó teirmealuadar (freagairt ar spreagadh teasa) i gceist. Nuair is gluaisne i dtreo an spreagtha a tharlaíonn, is luadar dearfach í, agus luadar diúltach nuair is gluaisne amach ón spreagadh a tharlaíonn. Más ainmhí a ghluaiseann i dtreo solais é, is ainmhí fótaluadrach dearfach é.[1]

Tagairtí

🔥 Top keywords: