Lá Fhéile Pádraig
Déanann pobal na hÉireann ceiliúradh ar an 17ú lá de Mhárta ar Lá Fhéile Pádraig (nó Lá ’le Pádraig uaireanta). Deirtear gur cailleadh Naomh Pádraig, aspal náisiúnta na hÉireann ar an dáta seo..[1] Déantar ceiliúradh ar chultúr, teangacha, spórt, reiligiúin agus ceol na tíre. Tá an fhéile Seachtain na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh.
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Saint Patrick's Day |
---|---|
Leasainm | Feast of Saint Patrick, Patrick's Day, Lá Fheile Pádraig, (St) Paddy's Day agus (St) Patty's Day |
Cineál | lá ócáid |
Ainmnithe in ómós | Naomh Pádraig |
Lá | 17 Márta |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Ceiliúradh | Muintir na hÉireann, Eaglais Chaitliceach Rómhánach, Anglican Communion (en) , Ceartchreidmheachas agus Liútarachas |
Haischlib | #StPatricksDay |
Pádraig
Is é Naomh Pádraig a thug an Chríostaíocht go hÉirinn. Nuair a bhí Pádraic ina bhuachaill óg, fuadaíodh é óna bhaile dúchais sa mBreatain Bheag agus tugadh anall go hÉirinn é, áit ar chaith sé blianta ag sclábhaíocht, agus é ag tabhairt aire do thréad caorach agus muc ar Shliabh Mis i gContae Aontroma. Oíche amháin bhí brionglóid aige faoi phobal na hÉireann agus gur cheart dó dul ina measc agus a chreideamh a chraobhscaoileadh.
Chuaigh Pádraic ar bhord loinge agus sheol sé ar ais abhaile. Nuair a bhí sé urnaithe ina shagart, bhí brionglóid eile aige ina bhfaca sé muintir na hÉireann ag glaoch ar ais air chun an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh ann. Chaith Pádraic 40 lá agus oíche ag troscadh agus ag tréanas ar Cruach Phádraig gar don áit ina bhfuil Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo inniu.
Ceiliúradh
Déantar ceiliúradh ar Phádraig aon áit ar fud an domhain ina mbailíonn na hÉireannaigh le chéile. Ar na hócáidí is mó, áirítear an ceann i Nua-Eabhrac, ina mbíonn paráid ollmhór chuile bhliain ó Ardeaglais Naomh Pádraig suas an 5ú Ascaill, agus an ceann i mBaile Átha Cliath.
Stair
Ar 17 Márta 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig, san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne.[2]
Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin, d’eagraigh saighdiúirí Éireannacha in Arm na Breataine máirseáil i mBostún sa bhliain 1737.
Sa naoú haois déag tháinig méadú mór ar an líon inimirceach Éireannach sna Stáit Aontaithe agus leis sin d’éirigh na paráidí ní b'fhorleithne. Inniu, déantar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh i níos mó tíortha ná aon fhéile náisiúnta eile.[2]
Nósanna
- Téann daoine chuig Cruach Phádraig ar thuras spioradálta.[3]