Méasar
Feiste a chruthaíonn micreathonnta ó adaimh nó móilíní flosctha is ea an méasar, ceaptha ag Charles Townes is daoine eile sa bhliain 1954.
Tagann an t-ainm mar acrainm ó aimpliú micreathonn trí astú spreagtha radaíochta (MASER: Microwave Amplification by Stimulated Emission of Radiation). Móilíní amóinia, spreagtha go teirmeach, a bhí sa chéad chineál den fheiste. Faoi seo úsáidtear gáis eile, hidrigin ina measc. Is ionann é is léasar ach amháin gur micreathonnta in ionad solais a chruthaítear ann (le tonnfhaid i bhfad níos lú na tonnfhaid solais).
Cruthaíonn an méasar léas monacrómatach leanúnach micreathonnta, ar féidir é a úsáid i gcomhair radair chun pictiúir níos soiléire a fháil, agus i gcomhair teileachumarsáid satailíte.
Féach freisin
- Charles Townes : Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice le Nikolai Basov is Alexandr Prokhorov sa bhliain 1964 as a shaothar chun an méasar agus an léasar a fhorbairt.
- Theodore Maiman: Rinne sé cuid mhaith saothar forbartha ar an méasar, agus i 1960 thóg an chéad léasar praiticiúil a d'oibrigh go rathúil.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: