Spásárthach a lainseáil NASA na Stát Aontaithe i 1992 chun an pláinéad dearg Mars a iniúchadh níos géire mine, ar bheagán costais is maise: $1,000 milliún an costas a bhí air. Bhí gléasanna air chun an t-atmaisféar a thaifeach, an domhantarraingt air a thomhas go mion, imlíne a dhromchla a aimsiú, grianghraif chomh géar sin a ghlacadh den dromchla go bhféadfaí rudaí 3 m ar leithead a fheiceáil orthu, is na sonraí uile seo a chraobhscaoileadh ar ais ar Domhan. Lainseáladh an chéad spásárthach/fithiseoir i 1992 chun íomhánna ardtaifigh den dromchla a fháil agus an réimse maighnéadach pláinéadach is an t-atmaisféar a iniúchadh. Ach cailleadh gach teagmháil leis i 1993 cúpla lá roimh thuirlingt ar Mhars dó. Tá súil in airde ionaid chuí tuirlingthe a aimsiú i gcomhair spásárthaigh le daoine ar bord amach anseo.[1]
Féach freisin
Tagairtí
Naisc sheachtracha