Mary Kenneth Keller
Bean rialta Chaitliceach Rómhánach Meiriceánach, oideoir agus ceannródaí san eolaíocht ríomhaireachta a bhí in Mary Kenneth Keller B.V.M. (t. 1913 – 10 Eanáir 1985). Ar 7 Meitheamh 1965, in éineacht le Irving Tang in Ollscoil Washington, bronnadh an chéad dochtúireacht san ábhar sin sna Stáit Aontaithe uirthi. Thuill sí a céim ó Ollscoil Wisconsin-Madison. Inductive Inference on Computer Generated Patterns teideal a téis dochtúireachta.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Evelyn Marie Keller 17 Nollaig 1913 Cleveland, Ohio |
Bás | 10 Eanáir 1985 71 bliana d'aois Dubuque, Iowa |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Wisconsin–Madison - céim dochtúireachta (1962–1965) Ollscoil Clarke Ollscoil DePaul Coláiste Mundelein |
Comhairleoir dochtúireachta | Preston C. Hammer |
Áit chónaithe | Dubuque |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ríomheolaíocht |
Gairm | eolaí ríomhaireachta, siúr, múinteoir ollscoile, matamaiticeoir |
Fostóir | Ollscoil Clarke |
Ball de | |
Ord crábhaidh | Daughters of Charity of Saint Vincent de Paul (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
A saol
Rugadh Keller in Ohio sa bhliain 1913 nó 1914. Chuaigh sí isteach san ord úd Siúracha Carthanachta an Mhaighdean Mhuire Beannaithe sa bhliain 1932.[1] Thug sí a móideanna crábhaidh mar bhall de na Siúracha sa bhliain 1940.[2] Bhain sí céim baitsiléara san eolaíocht amach sa bhliain 1943 agus céim mhaistir eolaíochta sa bhliain 1953 in Ollscoil DePaul.
Sa bhliain 1958, thosaigh Keller ag obair i gceardlann an National Science Foundation san ionad ríomhaireachta i gColáiste Dartmouth, ionad a bhí teoranta ag an am do na fir.[3] Bhí sí páirteach ansin i bhforbairt na teanga ríomhchlárúcháin BASIC.[4][5]