Mobile Suit Gundam

Clár teilifíse den chineál anime is ea Mobile Suit Gundam (Seapáinis: 機動戦士ガンダム Kidō Senshi Gandamu, "Saighdiúir Soghluaiste Gandam") nó MSG uaireanta, atá scríofa agus stiúrtha ag Yoshiyuki Tomino. Léiríodh é den chéad uair sa tSeapáin ar an Nagoya Broadcasting Network idir 7 Aibreán 1979 agus 26 Eanáir 1980; craoladh 43 eipeasóid. Ón chéad sraith Gundam sin, is iomaí clár leantach agus clár gaolta a rinneadh.

Infotaula de sèrie de televisióMobile Suit Gundam
機動戦士ガンダム agus Mobile Suit Gundam
Séanraficsean eolaíochta míleata agus mecha (en) Aistrigh
StiúrthóirYoshiyuki Tomino
Tíran tSeapáin
Bunteangaan tSeapáinis
Bealach teilifíseCartoon Network
Fad na n-eipeasóidí30 min
An chéad eipeasóid7 Aibreán 1979
An eipeasóid dheireanach26 Eanáir 1980
Líon eipeasóidí43
Liosta eipeasóidílist of Mobile Suit Gundam episodes (en) Aistrigh
Gradaim
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilgundam.jp Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0159172 Allocine: 7399 Rottentomatoes: tv/mobile_suit_gundam Letterboxd: mobile-suit-gundam Anime News Network: 46 TV.com: shows/mobile-suit-gundam-00
Twitter: gundam_bd Cuir in eagar ar Wikidata

Atheagraíodh an chéad sraith ina trí scannán don phictiúrlann sa bhliain 1981. Dhear Yoshiyaku Yasuhiko na carachtair agus chuaigh Kunio Okawara i gcúram na dearaí meicniúla, róbó ollmhór an teidil (RX-78-2 Gundam) ina measc.

Bhuaigh an clár duais Animage Anime Grand Prix sna blianta 1979 agus 1980.

Achoimre

Sa chruinne shamhailteach Ghundam, tharla san UileChéad 0079 gur fhógair an Phrionsacht Zeon a neamhspleáchas ó Chonaidhm an Domhain agus thosaigh cogadh an neamhspleáchais. Tá iarmhairtí díreacha ag an gcoimhlint ar gach ilchríoch an domhain agus ar beagnach gach coilíneacht spáis agus gach lonnaíocht gealaí. Tá an lámh in uachtar ag Zeon trí chineál nua airm: cultacha soghluaiste daonna. Séanann gasra taiscéalaíochta ó Zeon a gcuid orduithe agus ionsaíonn siad bunáit gan chríochnú darbh ainm Side 7 (.i. Taobh 7). De thaisme, faigheann saoránaigh Side 7 arm nua na Conaidhme: an Gundam. Le tacaíocht ó shaighdiúirí Chonaidhm an Domhain ar lonnú ag an iompróir White Base, téann an fhoireann nua teifeach seo i gcionn oibre chun an Cogadh Bliana Amháin a chur i dtreo eile.

Carachtair

Cónaidhm an Domhain
  • Amuro Ray,
  • Bright Noa,
  • Fraw Bow,
  • An Ginearál Revil,
  • Haro,
  • Hayato Kobayashi,
  • Kai Shiden,
  • Matilda Ajan,
  • Mirai Yashima,
  • Ryu Jose,
  • Sayla Mass,
  • Sleggar Law,
  • Tem Ray
Prionsacht Zeon
  • Char Aznable ("an Cóiméad Rua"),
  • Crowley Hamon,
  • Degwin Sodo Zabi,
  • Dozle Zabi,
  • Garma Zabi,
  • Gihren Zabi,
  • Kycilla Zabi,
  • Lalah Sune,
  • M'Quve,
  • Ramba Ral,
  • Na Trí-realtai Dubha

Ceol oscailte agus dúnta

  • Amhrán oscailte
    • Tobe Gundam (Cuileog Gunnadam) ó Koh Ikeda
  • Amhráin Dhúnta
    • Eien Ní Amuro (Amuro go brea) ó Koh Ikeda (An clár teilifíse),
    • Suna no Juujika (Croch de Gaineamh) ó Takajin Yashiki (Scannán a haon),
    • Ai Senshi (Saighduirí de Dolas) ó Daisuke Inoue (Scannán a dó),
    • Meguriai (Cas ari) ó Daisuke Inoue (Scannán a trí)

Na haisteoirí

CarachtarAisteoir sa leagan teilifíse SeapánachAisteoir sa leagan Béarla den chlárAisteoir sa leagan Bérla den scannán
Amuro RayToru FuruyaBrad SwailleMichael Lindsay
Char AznableShuichi IkedaMichael KopsaSteven Blum
Bright NoaHirotaka SuzuokiChris KalhoonWheat St. James
Mirai YashimaFuyumi ShiraishiCathy WeseluckLeslie Buhr
Sayla MassYo InoueAlaina BurnettOlivia Bardeau
Fraw BowRumiko UkaiKristie MarsdenMelissa Fahn
Kai ShidenToshio FurukawaRichard Ian CoxChristy Matthewson
Hayato KobayashiKiyonobu SuzukiMatt SmithRichard Cansino
Ryu JoseShozo IizukaWard Perry?
Lalah SuneKeiko HanWillow JohnsonLia Sargent
Garma ZabiKatsuji MoriBrian Dobson?
Kycilla ZabiMami KoyamaMichelle PorterBambi Darro
Dozle ZabiTessho GendaFrench TicknerPeter Spellos
Degwin ZabiHidekatsu ShibataChris SchneiderElliot Reynolds
Ramba RalMasashi HiroseJohn PayneMichael McConnohie
Crowley HamonYumi NakataniLenore ZannDian Andrews

Sliochta

  • "Buail mise! Níor bhuail m'athair mise riamh!"
-Amuro Ray
  • "Tá an corcán seo iontach."
-M'Quve
  • "Mise tiomáint Gunnadamba níos fearr!"
-Amuro
  • "Níl se Zaku buachaill, Níl se Zaku!"
-Ramba Ral
  • "Tá an ionad agam ta me ábalta a filleadh."
-Amuro
  • "Tá Zeon spionta!"
-Chomhcoiteann Revil

Zeta

Mobile Suit Zeta Gundam (Kido Senshi Zeta Gandamu i tSeapáinis. Culaith Gluaisteach Zeta Gunnadamba as Gaeilge) ar an gclár de Mobile Suit Gundam. (Sort "sequel" mar a dearfá as Béarla). B’iad na stiúrthóirí ná Yoshiyuki "Bas gach duine" Tomino agus Hikazu Yasuhiko. Na dearthóirí - Kunio Okawara, Mamoru Nagano, Kazumi Fujita. Craoltóir Nagoya Broadcasting Network (agus A.N.N.).

Vicíshliocht:

Naisc sheachtracha

Tagairtí

🔥 Top keywords: