Na Sailtí
Dhá oileán bheaga ar chósta Ché na Cille Móire, Contae Loch Garman, Éire iad na Sailtí[1], mar atá an Sailte Mór (89 heicteár) agus an Sailte Beag (37 heicteár). Níl duine ná deoraí ina chónaí ann ó thús na 20ú aoise anuas. Ceadaíonn cónaitheoirí an oileáin, teaghlach Neale cuairteanna lae ar Great Saltee, cé nach bhfuil rochtain ar Little Saltee mar gheall ar na dálaí contúirteacha timpeall air.
Cineál | Grúpa oileán | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tAigéan Atlantach | |||
Le cuid | ||||
Tréithe | ||||
Achar | 1.2 km² | |||
Limistéar faoi Chosaint Speisialta atá ann agus é ina meán síolraithe don iliomad speicis amhail fulmaire, gainéad, seaga, saidhbhéar, foracha, crosán, puifín agus an rón glas.
Stair
Rinne Bagenal Harvey iarracht éalú chun na Fraince, in éineacht le John Henry Colclough, in aimsir Éirí Amach 1798 in Éirinn. Bhíodar beirt i bhfolach in uaimh sna Sailtí sular gabhadh iad.[2]