Naomh Treasa de Ávila
Misteach Spáinneach ab ea Naomh Treasa de Ávila, nó Teresa d'Avila (28 Márta 1515 – 4 Deireadh Fómhair 1582), agus ainmnithe i measc Magisterium na hEaglaise.[1]
Teresa Sánchez de Cepeda y Ahumada an t-ainm a bhí uirthi nuair a rugadh í in Ávila, an Spáinn.
Ceiliúrtar a lá féile ar an 15 Deireadh Fómhair.
Beatha
Rugadh Treasa sa bhliain 1515 agus tógadh í le dea-shampla agus le diagacht. Sa bhliain 1535 chuaigh sí isteach sa Chlochar Cairmilíteach in Ávila.[2]
Nío déanaí, iarradh uirthi an tOrd Cairmilíteach a leasú. An riail a bhí ag na mná rialta Cairmilíteach san am, níorbh í an riail bhunaigh na síor urnaithe í.
Sa bhliain 1562 bhunaigh sí an chéad mhainistir den riail ársa in Ávila agus chuir sí é faoi choimirce Naomh Seosamh.
Sula bhfuair sí bás, bhí tríocha mainistir bunaithe aici. Tá Scríbhinní Naomh Treasa ar an gcuid is tábhachtaí de litríocht na hEaglaise maidir le hurnaithe.[2]
Urnaí a scríobh Treasa d’Ávila.
Níl corp ar bith ag Críost, seachas do chorp féin,
Níl lámh ná cos ar domhan aige, seachas do chuidse Is le do shúile a bhreathnaíonn sé ar an domhan seo,
Is leatsa na cosa a iompraíonn é chun an mhaitheas a dhéanamh
Is leatsa na lámha lena gcuireann sé a bheannacht ar phobal an domhain.[2]
Gaeilge
I 1926 le cabhair airgid ó mhná rialta Naoimh Louis i gCoillte Mách, d’fhoilsigh Mícheál Langton a aistriúchán ar Histoire d’une Ame faoin teideal Scéal Anama (nó Beathafhéinscríbhinn Naomh Treasa leis an Leanbh Íosa)[3]. D’aistrigh Máire Ní Dhabhoireann a dírbheathaisnéis[4].