Neamhord meabhrach
Is patrún iompraíochta nó meabhrach é neamhord meabhrach, dá ngairtear freisin;meabhairghalar [1], riocht meabhairshláinte[2] , nó míchumas síciatrach[3] is a behavioral or mental pattern that causes significant distress or impairment of personal functioning.[4], a chruthaíonn anacair shuntasach nó lagú (mallachar) suntasach ar fheidhmiú pearsanta. Is éard atá i gceist le neamhord meabhrach freisin ná suaitheadh suntasach cliniciúil i gcognaíocht, i rialú mothúchán, nó in iompar duine, go minic i gcomhthéacs sóisialta.[5][6] D'fhéadfadh suaitheadh den sórt sin tarlú mar eipeasóidí aonaracha, d'fhéadfadh sé a bheith marthanach, nó d'fhéadfadh sé a bheith athiompaitheach agus maolaitheach. Bíonn go leor cineálacha éagsúla neamhoird mheabhrach ann, le comharthaí agus siomptóim a athraíonn go forleathan idir neamhoird ar leith.[6][7] Gné amháin den mheabhairshláinte is ea neamhord meabhrach.
![]() | |
Cineál | galar ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | síciatracht, síceolaíocht chliniciúil agus síciteiripe ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Cóireáil | síciteiripe agus sícea-chógaseolaíocht ![]() |
Cógais antipsychotics (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | |
Pataigineas | |
Cúis | causes of mental disorders (en) ![]() ![]() |
Éifeacht | féinmharú, damáiste, bás agus somatic disease (en) ![]() ![]() |
Aicmiú | |
ICD-11 | 6E8Z ![]() |
ICD-10 | F00-F99 ![]() |
ICD-9 | V11.9, 298.8 agus 290-299.99 ![]() |
CIAP | P99 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0193785 ![]() |
DiseasesDB | 28852 ![]() |
MeSH | D001523 ![]() |
UMLS CUI | C0029516, C0004936, C4046029 agus C0376338 ![]() |
DOID | DOID:150 ![]() |
I measc na siomptóim, is féidir nach dtarlóidh gnáthfhrithghníomhartha d'eachtraí léanmhara, agus iompar claonaíoch.
Ní bhíonn teorainneacha soiléire ag na neamhoird seo, agus is féidir nach mbeidh na siomptóim chéanna ag daoine leis an neamhord céanna.
Samplaí de neamhoird mheabhracha is ea imní, gealtachas, neamhoird ite, scitsifréine, agus neamhoird codlata.
Déantar staidéar ar leith ar mhoilliú intinne agus neamhoird forbartha, ach ní mar neamhoird mheabhracha.[8]