Oibríocht Linebacker II

Tharla Oibríocht Linebacker II, feachtas bratbhuamála ar Hanoi, idir 18 to 29 Nollaig 1972, le linn Chogadh Vítneam.[1][2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríocht Linebacker II
Íomhá
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh Vítneam Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse18 - 29 Nollaig 1972
Dáta na bliana29 Nollaig 1972 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNorth Vietnam (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


U.S. Air Force Boeing B-52D-60-BO Stratofortress

Cúlra

Bhí idirbheartaíocht idir na Stáit Aontaithe agus Hanoi ar siúl i bPáras ó 1968. Ceithre bliana níos déanaí, rinne an dá thír comhaontú eatarthu féin. Bhí dáta leagtha síos, an 30 Deireadh Fómhair, chun conradh a shíniú.

Ach theip ar na hiarrachtaí teacht ar chomhaontú. nuair a dhiúltaigh rialtas an Deiscirt a mbeannacht a thabhairt don chonradh. Bhí ceannaire an deiscirt, Nguyễn Văn Thiệu, glan in éadan an chonartha.

Loch Huu Tiep i Hanoi inniu agus cuid den B-52 a thit isteaxh sa loch ar 27 Nollaig 1972[1]

Obráid

Bhí an an mhoill ag cur cantail ar an tUachtarán Nixon. Rinneadh é a atoghadh sa phost agus bhí sé an-lán dó féin. Chun brú a chur ar na Vítneamaigh, d'ordaigh sé feachtas bratbhuamála ar Hanoi, cleas soiniciúil. Ach sheas na Cummanaigh an fód.

Ar 30 Nollaig 1972, d'fhógair na S-A go gcuirfeadh siad stop leis an Obráid.

Iarmhairt

Bhí an feachtas buamála ina scamall ar na cainteanna síochána. Níor éirigh le SAM géilleadh a fháil ar rud ar bith. Síníodh an socrú síochána ar 27 Eanáir 1973 san Óstán Majestic i bPáras, an leagan céanna, a bheag nó a mhór, ná an cháipéis bhí le fáil ar 30 Deireadh Fómhair 1972.[2]

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: