Oibreán Flannbhuí
Is luibhicíd é oibreán flannbhuí a d'úsáid na Briotanaigh sa Mhalaeisia, agus na Meiriceánaigh i Vítneam chun duilleoga a bhaint de na foraoisí i gcogaíocht dufaire. Ach tá sé fíorthocsaineach do dhaoine de bhrí go bhfuil beagán déocsaíne ann, rud is cúis le bristí géara craicinn, míchumaí beirthe agus ailsí i ndaoine is ainmhithe eile a thagann i dteagmháil leis. Tugadh an t-ainm seo air de bhrí gur i mbairillí le fáinní flannbhuí orthu a d'iompair na Meiriceánaigh é go Vítneam. I 1962-1970 spréigh siad na milliúin bairillí trasna na tíre sin. Meastar gur nochtadh níos mó ná 3 mhilliún Vítneamach don truailleán tocsaineach, agus fíordhrochshláinte is neamhoird ar níos mó ná milliún anois dá bharr.[1]
Substaint cheimiceach | dídhuilleán agus meascán |
---|---|
Mais mhóilíneach | 588.022077 Da |
Ról | Defoliants, Chemical (en) |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₂₄H₂₇Cl₅O₆ |
SMILES canónta | Model 2D CCCCOC(=O)COC1=C(C=C(C=C1)Cl)Cl.CCCCOC(=O)COC1=CC(=C(C=C1Cl)Cl)Cl |
InChI | Model 3D |
Tagairtí
🔥 Top keywords: