Pieter Brueghel
péintéir Pléimeannach (1526–1569)
Péintéir Pléimeannach a rugadh i mBrueghel gar do Breda na hOllainne ab ea Pieter Brueghel (c 1520-1569). Aithnítear é mar an bpéintéir ba chruthaithí bhunúla de phéintéirí Pléimeannacha an 16ú céad. Dhírigh sé ina shárshaothair ar bheatha na dtuathánach. Tugtar Sean-Pieter air mar gur phéintéir an mac ba shine leis, Pieter Óg Brueghel (c 1564-1637), a dhírigh ar ghadaithe, diabhail is cailleacha ina chuid péintéireachta. Ba phéintéir freisin an mac ab óige leis, Jan Brueghel (1568-1625), a bhain cáil amach as a phéintéireacht ar ábhair neamhbheo, bláthanna, radhairc tíre is téamaí reiligiúnda.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: