Pioneer


Sraith spásárthach réasúnta simplí a choinnítí cobhsaithe trí ghuairneáil, a lainseáil na Stáit Aontaithe (1958-1978). Eitiltí don Ghealach a bhí i bPioneer 1-3 nach raibh ró-rathúil. Rinne Pioneer 4-9 taiscéaladh ar an meán idirphláinéadach ar fhithisí mórthimpeall na Gréine ag fad timpeall 1 AU uaithi (fad an Domhain féin ón nGrian). D'eirigh le Pioneer 10 is 11, a lainseáladh i 1972 is 1973, na chéad eitiltí thar Iúpatar a dhéanamh i 1973 is 1974, an chéad eitilt thar Shatarn (Pioneer 11 i 1979), agus an chéad taiscéaladh ar theorainn iarmhairt na Gréine (an héileastad). Rinne Pioneer 12 Véineas a fhithisiú den chéad uair, agus sheol Pioneer 13 4 thaiscéalaí síos trí atmaisféar Véineas lena thástáil i 1978. NASA a bhainistigh an clár iomlán seo.[1]

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisPioneer

Cineál miseanclár NASA agus tionscadal
Oibritheoir   Arm na Stát Aontaithe
   NASA
   Space Systems Command Cuir in eagar ar Wikidata

Naisc sheachtracha

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: