Plaisteach
Is éard atá i gceist le plaisteach nó plaistic nó plaistigh ná roisíní saorga orgánacha ar féidir iad a bhogadh trí théamh is ansin a mhúnlú nó a theilgean i bhfoirm éigin nua.
Tréithe
Is féidir plaistic a roinnt ina dhá cuid
- Cuid acu atá teirmithéachtach (mar shampla, roisín feanóilfhormaildéid); ní féidir iad a bhogadh arís trí théamh.
- Cuid eile acu atá teirmeaplaisteach (mar shampla, poileitiléin is poilisteiréin); is féidir iad a bhogadh ar an dóigh chéanna arís is arís eile.
Is féidir plaistigh a dhearadh le breiseáin éagsúla chun go mbeidh raon airíonna acu: cobhsaíocht faoi raon teochta, seoladh leictreach, insliú leictreach nó teirmeach, dianscaoileadh nádúrtha tapa in ithir, agus eile.
Stair
Roimh an 20ú haois, is éard a bhí i gceist le plaisteach ná aon ábhar bog domhúnlaithe.
Truailliú
Tá plaistic ar cheann de na truailleáin is coitianta ar domhan, agus deirtear go bhfuil plaistic le fáil sa bhia a itheann muid, san uisce a ólann muid agus mar sin inár gcorp féin.
Sa bhliain 2023, tháinig eolaithe (ag obair san Elvéis agus san Artach) ar mhiocróib, atá ábalta plaistic a dhíleá ag teocht íseal. Fuarthas roinnt baictéar agus fungas a dhíleánn plaistic ag 15 chéim celsius. (Táthar eolach ar neart miocrób a bhriseann plaistic anuas ag teocht os ceann 30 céim cheana féin. Ach baineann costas ard agus truailliú leis an chleachtas sin mar gheall ar an teas a bheadh de dhíth).[1]
Féach freisin
- Díchumadh plaisteach (fisic)
- Poileitiléin ː an plaisteach is coitianta a tháirgtear.[2]
- Micreaphlaistigh