Rónán Mac Con Iomaire
Is é Rónán Mac Con Iomaire (a rugadh 2 Eanáir 1975) Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta.[1] Is iad na príomhchúraimí atá luaite leis an bpost ná an phleanáil teanga a fhorbairt, an fhorbairt réigiúnach, an fhorbairt fiontraíochta, an fhorbairt chultúrtha, forbairt an gheilleagair shóisialta agus an fhorbairt pobail.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Eanáir 1975 49 bliana d'aois Gaillimh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, láithreoir |
Teaghlach | |
Athair | Tomás Mac Con Iomaire |
Gairm
Iar-iriseoir le TG4 agus iar-leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (2011-2014) é Rónán Mac Con Iomaire, ar ceapadh ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge ar RTÉ é in 2014.[3]
Údar
Is é údar Rocky Ros Muc, an leabhar mór-ráchairte faoi shaol an dornálaí Gaeltachta Seán Ó Mainnín.[4] Is leabhar é faoin dornalaí Gaeltachta, Seán Ó Mainnín, a throid i gCraobh an Domhain i Nua-Eabhrac i gcoinne Mike McCallum in 1982. Bronnadh duais i gComórtas na Scríbhneoirí Úra, Oireachtas na Gaeilge, ar Rónán Mac Con Iomaire dá shaothar.[5]
Pearsanta
Rugadh agus tógadh Mac Con Iomaire le Gaeilge sa nGaeltacht agus tá sé ina chónaí ar an gCeathrú Rua. Is é a athair Tomás Mac Con Iomaire, léiritheoir raidió agus iriseoir Gaeilge.