Rialú bitheolaíoch
Rialú daonra speiceas ainmhithe nó plandaí le naimhde nádúrtha cosúil le creachadóirí nó seadáin. Cuimsíonn sé tabhairt isteach nó cabhrú le naimhde nádúrtha chun líon speiceas lotnaide a rialú. Tá teicníochtaí nua á saothrú chun rialú bitheolaíoch a chur i bhfeidhm: mar shampla, iompar atáirgthe na lotnaidí a réabadh le fireannaigh aimride a fhuasclaítear ina measc, scaipeadh fearamón atá tábhachtach i gcúpláil na lotnaidí, nó úsáid aomthóirí mar bhaoite i ngaistí.[1]
Tagairtí
🔥 Top keywords: