Samhradh

Is séasúr é an samhradh, an séasúr is teo nó is grianmhara den bhliain. Bíonn an samhradh ann idir an t-earrach agus an fómhar.

Carraigín na Plubóige nó ​Summercove in Éirinn, i rith an tsamhraidh (Summer cove)[1]

In Éirinn

Oíche Fhéile San Seáin le Jules Breton, 1875 sa Fhrainc

De réir fhéilire traidisiúnta na hÉireann, tosaíonn an samhradh ar an gcéad lá de mhí na Bealtaine agus leanann sé ar aghaidh go dtí 31ú Iúil.[2] Bíonn Bealtaine, Meitheamh agus Iúil níos tirime agus níos grianmhara in Éirinn ná mí Lúnasa.[3]

Ach tosaíonn an samhradh san Eoraip anois ar na gcéad lá de mhí an Mheithimh agus leanann an samhradh ar aghaidh go dtí deireadh mhí Lúnasa. De réir Met Éireann, is sa samhradh a bhíonn na trí mhí is teo den bhliain. In Éirinn is iad Meitheamh, Iúil agus Lúnasa[4] na míonna sin.[5] Is minic a bhíonn Lúnasa fliuch, i bhfad níos fliche ná Bealtaine-Iúil, ach bíonn daoine ar a laethanta saoire fós.

Eolaíocht

De bhrí go bhfuil ais an Domhain claonta i dtaca lena fhithis thart ar an nGrian, ní hionann an oiread griansolais a thiteann ar an dá leathsféar an t-am ar fad i rith na bliana[6].

Cuireann sé seo leis na hathruithe aeráide is bun leis na séasúir éagsúla sna leathsféir, samhradh sa leathsféar theas nuair atá sé ina gheimhreadh sa leathsféar thuaidh, agus a mhalairt.

Seanfhocal

  • Dá fhada samhradh, tagann an geimhreadh.

Féach freisin

Naisc

Tagairtí

🔥 Top keywords: