Siombail
Comhartha a sheasann do rud eile, de réir comhghnáis, an chiall sin ar leith leis i measc an phobail a thuigeann is a ghlacann leis an gcomhghnás.
Mar shampla, úsáid an datha dubh nó bán mar chomhartha dobhróin.
I gcás siombailí eolaíochta sa cheimic is eile, glactar leo beagnach ar fud an Domhain mar chomharthaí fosaithe cinnte.
I réimsí eile ní mar sin a bhíonn, agus is féidir bríonna éagsúla a bhaint as siombail ar bith. Go minic bíonn sé seo bunúsach, mar shampla, sa litríocht.[1]
Scannánaíocht
Sa scannánaíocht is éard atá i gceist le siombail ná rud a bheith in úsáid chun coincheap a chur in iúl, mar shampla rós dearg a bheith ag seasamh don fhíorghrá.[2]
Tagairtí
🔥 Top keywords: