Tánaiste

leas-cheannaire ar rialtas na hÉireann

Is é an Tánaiste leascheannaire rialtais na hÉireann, nó an tOireachtas mar a thugtar air. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann, an teach ísle san Oireachtas. Ceaptar an Tánaiste ag Uachtarán na hÉireann, tar éis ainmníocht ón Taoiseach. D'fheidhmeodh an Tánaiste thar ceann an Taoisigh dá bhfaigheadh seisean bás nó dá gcuirfí ó chumas é, go dtí go gceapfaí Taoiseach nua.

Infotaula de càrrec políticTánaiste
SealbhóirLeo Varadkar
ó 27 Meitheamh 2020
CónaitheBaile Átha Cliath
Ceaptha agUachtarán na hÉireann
DlínseÉire
StáitÉire
Sainordú5 bliain
Cruthú29 Nollaig 1937

Téarma

Tá bunús an nóis le fáil i seanchóras na nGael. Bhíodh Tánaiste ainmnithe ag Taoisigh chun a n-áit a ghlacadh dá marófaí iad nó dá dtarlódh rud ar bith a chuirfeadh cosc orthu a ndualgais a chomhlíonadh. Sa dóigh sin bhíothas ag súil nach mbeadh achrann nuair a bheadh comharba le piocadh. D'imigh an focal isteach sa Bhéarla sna 1530dí mar tanist a raibh an chiall "comharba tofa Taoisigh Ghaelaigh" leis. An chiall liteartha a bhí leis roimhe seo ná "comhthreommhar, sa dara háit", ón tSeanGhaeilge tanaise "comharba roghnaithe". "An té a bhfuiltear ag feitheamh leis' is bunchiall don fhocal ó tani-hessio na Ceiltise.

Stair

Cruthaíodh an oifig seo i 1937, in áit oifig an Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle a bhí ann i ré an Saorstát. Bunaíodh an oifig mar pháirt den bhunreacht nua Bunreacht na hÉireann. Ba é Seán T. Ó Ceallaigh, ó Fhianna Fáil, an chéad Tánaiste ar 29 Nollaig, 1937. Sa lá atá inniu ann, is coitianta go bhfaigheann ceannaire an dara páirtí is mó sa comhrialtas an post tábhachtach seo.

Liosta Tánaistí

Bhí trí théarma san oifig ag Seán F. Lemass (Fianna Fáil) agus Risteard Mac An Earraigh (Lucht Oibre). Bhí dhá théarma ag Liam Ó Neachtain (Lucht Oibre), agus téarma amháin ag na daoine eile.

UimhAn TánaisteAsGo dtíPáirtí
1Seán T. Ó Ceallaigh29 Nollaig, 193714 Meitheamh, 1945Fianna Fáil
2Seán F. Lemass14 Meitheamh, 194518 Feabhra, 1948Fianna Fáil
3Liam Ó Neachtain18 Feabhra, 194813 Meitheamh, 1951Lucht Oibre
(2)Seán F. Lemass13 Meitheamh, 19512 Meitheamh, 1954Fianna Fáil
(3)Liam Ó Neachtain2 Meitheamh, 195420 Márta, 1957Lucht Oibre
(2)Seán F. Lemass20 Márta, 195723 Meitheamh, 1959Fianna Fáil
4Seán Mac an tSaoi23 Meitheamh, 195921 Aibreán, 1965Fianna Fáil
5Proinsias Mac Aodhagáin21 Aibreán, 19652 Iúil, 1969Fianna Fáil
6Erskine Childers2 Iúil, 196914 Márta, 1973Fianna Fáil
7Breandán Mac Fheorais14 Márta, 19735 Iúil, 1977Lucht Oibre
8Seoirse Ó Colla5 Iúil, 197730 Meitheamh, 1981Fianna Fáil
9Micheál Ó Laoire30 Meitheamh, 19819 Márta, 1982Lucht Oibre
10Réamann Mac Searraigh9 Márta, 198214 Nollaig, 1982Fianna Fáil
11Risteard Mac An Earraigh14 Nollaig, 198220 Eanáir, 1987Lucht Oibre
12Peadar de Barra20 Eanáir, 198710 Márta, 1987Fine Gael
13Brian Ó Luineacháin10 Márta, 198731 Deireadh Fómhair, 1990Fianna Fáil
14Seán P. Mac Uilliam13 Samhain, 199012 Eanáir, 1993Fianna Fáil
(11)Risteard Mac An Earraigh12 Eanáir, 199317 Samhain, 1994Lucht Oibre
15Parthalán Ó hEachthairn19 Samhain, 199415 Nollaig, 1994Fianna Fáil
(11)Risteard Mac An Earraigh15 Nollaig, 199426 Meitheamh, 1997Lucht Oibre
16Máire Ní Áirne26 Meitheamh, 199713 Meán Fómhair, 2006An Páirtí Daonlathach
17Mícheál Mac Dubhghaill13 Meán Fómhair, 200614 Meitheamh, 2007An Páirtí Daonlathach
18Brian Ó Comhain14 Meitheamh, 20077 Bealtaine, 2008Fianna Fáil
19Máire Ní Chochláinn7 Bealtaine, 20089 Márta, 2011Fianna Fáil
20Éamon Mac Giollamóir9 Márta, 20114 Iúil, 2014Lucht Oibre
21Joan Burton4 Iúil, 20146 Meitheamh, 2016Lucht Oibre
22Frances Fitzgerald6 Meitheamh, 201628 Samhain, 2017Fine Gael
23Síomón Ó Cómhanaigh30 Samhain, 201727 Neitheamh, 2020Fine Gael
24Leo Varadkar27 Meitheamh, 2020anoisFine Gael



🔥 Top keywords: