Teanga ríomhaireachta

Is téarma níos ginearálta é teanga ríomhaireachta ná an téarma coitianta teanga ríomhchlárúcháin. Is fo-thacar iad na teangacha ríomhchlárúcháin de na teangacha ríomhaireachta, cosúil le saghsanna eile teangacha.

Mar shampla, is teanga mharcála é HTML agus teanga ríomhaireachta, ach ní bhreathnaítear air go traidisiúnta mar theanga ríomhchlárúcháin.

Roinntear na teangacha ríomhaireachta go bunúsach in dhá ghrúpa: teanga ardleibhéil agus teanga íseal-leibhéil.

Stair

Tá 4 ghlúin de theangacha ríomhaireachta ann:

  1. An Mheaisínteanga
  2. Teanga Dhíolama
  3. Teanga Ardleibhéil
  4. Teanga shárardleibhéil

Le haghaidh stair agus tacsanomaíocht féach ar Chicipléid na dTeangacha Ríomhchlárúcháin.

Samplaí

I measc na dteangacha ríomhaireachta tá:

  • Teangacha ríomhchlárúcháin (m.sh., FORTRAN, Pascal, C, C++, Java, srl.)
  • Teangacha scriptithe (m.sh., Perl, JavaScript, TCL/TK, srl.)
  • Teanga sonraíochta
  • Teanga iarratais (m.sh., SQL, XQuery)
  • Teangacha mharcála (m.sh., HTML - go hiondúil le haghaidh cáipéisí a chruthú)
  • Teangacha thrasfhoirmiúcháin (m.sh., XSLT)
  • Teangacha phróiseáil teimpléad
  • Teanga ríomhchlárúcháin den cheathrú glúin ("4GL")
  • Teangacha thuairiscithe crua-earraí
  • Formáidí Chomhad cumraíochta (m.sh., Comhad INI)
  • Formáidí srathú sonraí
🔥 Top keywords: