Tionól Thuaisceart Éireann

reachtas Thuaisceart Éireann

Is é Tionól Thuaisceart Éireanntionól a cuireadh ar bhun de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Bunaíodh an Tionól agus an Fheidhmeannacht chun go bhféadfadh na páirtithe polaitíochta tofa cumhacht a roinnt. Tá an Tionól lonnaithe ag Stormont, díreach lasmuigh de Bhéal Feirste.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaTionól Thuaisceart Éireann
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálreachtas comhstáit
sole chamber (en) Aistrigh
córas an aon seomra reachtaigh
teach reachtaíochta tofa Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1998
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Le cuid

Suíomh gréasáinniassembly.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: NorthernIrelandAssembly Twitter: niassembly Cuir in eagar ar Wikidata
Cnoc an Anfa agus Tionól Thuaisceart Éireann

Gnásanna

De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is gá don dá phobal cumhacht a roinnt eatarthu - .i. is gá Céad-Aire a bheith ón bpáirtí is mó agus an LeasChéad-Aire a bheith ón páirtí is mó ón bpobal eile. Faoi mar atá cúrsaí anois, tá an dá bhloc mhóra – Sinn Féin agus an DUP – ag iomrascáil le chéile leis an cheann is fearr a fháil ar a chéile.[2]

Ina theannta sin ní féidir le haon vóta a theacht isteach mura vótáil an dá pobal dó. Ní foláir dona airí a bheith roinnte idir an dá pobal freisin. Bhí sé ar na comhaltaí iad féin a ainmniú mar 'náisiúnaithe', 'aontachtaí' nó 'eile' chun ábhair vóta.

Stair

Cúlra

Bhí Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i bhfeidhm ó 7 Meitheamh 1921 go dtí 30 Márta 1972. Ar 22 Meitheamh 1921, d'oscail Seoirse V Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i Halla na Cathrach, i mBéal Feirste. Shocraigh an rialtas i Londain riail dhíreach a chur i bhfeidhm in 1972.[3]

Northern Ireland Parliament Buildings

1998-2002

Ón tús, bhí an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) ag cáineadh an tionól agus d'iarr siad ar a lucht leanúna vótáil 'ní' sa reifreann chun é a chur ar bhun.

2002-2017

Cuireadh an Tionól ar fionraí sa bhliain 2002, nuair a tháinig chun solais go raibh fáinne spiaireachta ag an IRA taobh istigh d'oifig Shinn Féin, an scannal "Stormontgate". B'é an gníomhaire dúbailte Donncha Mac Dónaill, nó Denis Donaldson, a thosaigh an fháinne seo, mar a fuarthas amach ní ba dhéanaí.[4]

In 2006, foilsíodh Comhaontú Chill Rímhinn ina leagtar amach bealach i dtreo chineachadh iomlán póilíneachta agus ceartais agus socrú roinnt cumhachta cobhsaí.[5]

Mhair an chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta ó 8 Bealtaine 2007 go dtí 9 Eanáir 2017).[6]

Thit Stormont i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh in-athnuaite.

2017

Bhris an scannal "Renewable Heat Incentives" (Dreasachtaí Teasa In-athnuaite) amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2017, scéim fuinnimh nach raibh srian ar bith ar chaiteachas uirthi. Bhunaigh Arlene Foster (níos déanaí, ceannaire an DUP) an scéim nuair a bhí sí ina hAire Fiontair.

Chinn Sinn Féin nach seasfaidís le Foster a thuilleadh; shiúil Sinn Féin amach as Stormont agus ordaíodh fiosrú poiblí.

2022-2024

Ar an 11 Eanáir 2020, ar bhonn an Chomhaontaithe Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua[7], athbhunaíodh an Feidhmeannas agus an Tionól.[1]

In 2022, tharraing an DUP amach as Stormont mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála. Cnámh spairne ab ea na socruithe a bhí ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.[8]

Ar 29 Eanáir 2024, chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire (cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh). Gheall Rialtas na Breataine "deireadh" a chur le "seiceálacha" custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt, a mhaígh Donaldson.[8]

Féach freisin

Ranna

Tagairtí

🔥 Top keywords: