Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024


Beidh toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 an 59ú toghchán uachtaránachta cuadbhliantúla, a reáchtálfar Dé Máirt, 4 Samhain 2024. Ceaptar ag an tráth seo gur idir an t-uachtarán reatha Joe Biden ón bpáirtí Daonlathach agus Donald Trump a bheidh an toghchán.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
CineálToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2 Aibreán 2023 - 
Dáta na bliana10 Samhain 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
2020 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanUachtarán na Stát Aontaithe
Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirMike ter Maat (en) Aistrigh
Jerome Segal
Corey Stapleton
Donald Trump
Kanye West
Nikki Haley
Jacob Hornberger (en) Aistrigh
Vivek Ramaswamy
Marianne Williamson
Asa Hutchinson
Robert F. Kennedy Jr.
Chase Oliver (en) Aistrigh
Joe Exotic (en) Aistrigh
Larry Elder
Joe Biden
Tim Scott
Mike Pence
Chris Christie
Perry Johnson (en) Aistrigh
Donald Trump
Ella Anderson
Claudia de la Cruz (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
16 Nollaig 2024 Meeting (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Éirigh as an gcacamas!
MAGA 2024

Toghcháin tosaigh

Feachtas Nikki Haley 2024
Feachtas Biden 2024

Thosaigh baill den Pháirtí Poblachtach ag vótáil ar son a rogha iarrthóra féin in Iowa ar 15 Eanáir 2024.[1][2] Bhí bua gan stró faighte ag Donald Trump i gcácais Iowa.[3] Ag an am, bhí Trump ina rogha láidir na coitiantachta le hainmniúchán na bPoblachtánach a fháil chun dúshlán Joe Biden agus na nDaonlathach a thabhairt (a bheith á gcur ina leith i gcásanna cúirte éagsúla). Fuair Trump 51% den vóta in Iowa, 30 pointe chun cinn ar Ron DeSantis a bhí sa dara háit agus 21% aige, agus 19% ag Nikki Haley.

Seachtain níos déanaí, dhaingnigh Trump in New Hampshire a ghreim ar an rás d’ainmniúchán na bPoblachtánach agus a chéile comhraic Nikki Haley os cionn 10 bpointe taobh thiar de. [4]

Feachtas Biden 2024

Ar an 24 Feabhra, thug stát South Carolina a bheannacht aréir do Trump, i bhfad chun cinn ar iar-ghobharnóir an stáit sin, Nikki Haley. Ba bheag de fheachtas a sheol Trump i South Carolina, bhí sé chomh cinnte sin de féin.[5]

Ar an 5ú Márta reáchtáladh an lá mór sa phróiseas roghnúcháin d'iarrthóirí, An Mháirt Mhór nó 'Super Tuesday' mar a thugtar air go traidisiúnta. Vótáladh 13-15 stát a gcuid toghchán féin le hiarrthóirí a chur chun cinn do thoghchán na hUachtaránachta.[6] [7]

Bhí bua mór eile ag Trump ar an 5 Máirt 2024 agus d'éirigh Haley as an rás. Níor bhuaigh Haley ach dhá réamhthoghchán le linn a feachtais (Washington DC agus Vermont). An port a bhí ag Nikki Haley ag an am ná go raibh malairt rogha tuillte ag lucht an pháirtí, go háirithe agus coireanna coiriúla éagsúla curtha i leith Trump.[8] Deir saineolaithe gur le gráin ar Trump a fuair Haley an méid tacaíochta a fuair sí agus gurb iad na vótóirí meánaicmeacha seo a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu a bheidh cinniúnach san olltoghchán.[9] Ag an am céanna, léirigh na pobalbhreitheanna go raibh imní leanúnach faoi chumas Biden de bharr cúinsí aoise agus sláinte tabhairt faoin dara téarma.

Eagraíocht

Is toghchán indíreach é an próiseas ainmniúcháin, ina gcaitheann vótálaithe ballóidí ag roghnú scláta teachtaí chuig coinbhinsiún ainmniúcháin páirtí polaitíochta, a thoghann ansin ainmnithigh a bpáirtithe ansin mar uachtarán agus mar leasuachtarán. 56 réamhthoghchán ar fad a bheidh ann d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh don toghchán uachtaránachta i mbliana.

Reáchtálfar toghcháin an tSeanaid 2024 agus toghcháin Theach na nIonadaithe 2024, mar aon le toghcháin áitiúla éagsúla eile, i gcomhthráth le toghchán na huachtaránachta.[3]

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: