Airm núicléacha

Arm

Airm ollscriosta atá bunaithe ar na próisis núicléacha eamhnú (an buama adamhach) agus comhleá (an buama núicléach), a fhuasclaíonn an-chuid fuinnimh.[1]

Néal muisiriúnach an bhuama adamhaigh os cionn Nagasaki

Rangaítear iad de réir a méide is a modhanna seachadta:

  • Tá airm bheartacha ghearr-raonacha, le húsáid i gcoinne fórsaí naimhdeacha ar mhachaire an chatha.
  • Tá airm mheánraonacha, le húsáid i gcoinne targaidí míleata go domhain i gcríocha an namhad.
  • Agus tá airm straitéiseacha fhadraonacha, le húsáid i gcoinne cathracha is lárionaid ceannais an namhad, b'fhéidir in ilchríoch eile.

Agóidí

Reáchtáladh an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Tástálacha Núicléacha ar an 29 Lúnasa gach bliain.[2]

Féach freisin

Tagairtí

🔥 Top keywords: