An Córas imdhíonachta
Cosnaíonn an córas inmheánachta an cholainn dhaonna. Nuair a dhéanann baictéir nó víris ionradh ar an gcolainn, tagann cealla bána na fola timpeall orthu, ag cruthú antasubstaintí ar leith chun iad a ionsaí. Déanann na cealla bána na hionraitheoirí ón taobh amuigh neamhurchóideach, nó daingníonn iad go n-itheann siad amach is amach iad. Fanann na hantasubstaintí seo sa cholainn le blianta tar éis ionradh baictéar nó víreas, ionas go mbíonn an cholainn réidh tuilleadh antasubstaintí a chruthú mar chosaint i gcoinne an ghalair sin agus fiú é a sheachaint, b'fhéidir ar feadh saol duine. Tá galair víreasacha áirithe ann, áfach, SEIF mar shampla, a mhilleann na cealla gníomhacha sa chóras imdhíonach agus a fhágann an cholainn gan chosaint i gcoinne a lán galar tógálach is ceall ailseach. Is é atá i gceist nuair a imdhíontar an cholainn le vacsaín de ghalar ná an cholainn a spreagadh chun antasubstaintí ar leith a chruthú le cealla neamhurchóideacha den ghalar sin. Fanann na hantasubstaintí seo sa bhfuil ar feadh na mblianta mar chosaint i gcoinne an drochghalair sin.
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D007107 |
FMA | 9825 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/immune-system |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Tacaíonn an córas imdhíonachta dúchasach leis an córas imdhíonachta fhaighte.[1]