Astralaíocht

Réimse cleachtas fáistineachta is ea an astralaíocht, a aithnítear mar bhréageolaíocht ón 18ú haois, in ainm a bheith ábalta eolas faoi chúrsaí daonna a fháil trí staidéar a dhéanamh ar shuíomhanna reann neimhe.[1][2][3] Tá cineálacha éagsúla astralaíochta in úsáid i gcultúir éagsúla ar fud an domhain ón 2ú míle bliain RC ar a laghad. D’eascair na cleachtais seo as córais fhéilire a úsáideadh chun athruithe séasúracha a thuar agus chun timthriallta neamhaí a mhíniú mar chomharthaí cumarsáide diaga.[4] I bhformhór na gcultúr daonna, cuirtear suim sa méid a fheictear sa spéir, agus d'fhorbair cuid de na cultúir — mar shampla na Hiondúigh, na Sínigh, agus na Máigigh — córais chasta chun imeachtaí ar domhan a thuar ó bhreathnuithe neamhaí. Is féidir fréamhacha astralaíocht an Iarthair, ceann de na córais astralaíochta is sine atá fós in úsáid, a rianú go dtí an Mheaspatáim ón 19ú-17ú haois RC, áit ar leathnaigh sé go dtí an tSean-Ghréig, an tSean-Róimh, an domhan Ioslamach, agus ar deireadh go Lár agus Iarthar na hEorpa. Is minic a cheanglaítear astralaíocht chomhaimseartha an Iarthair le “tuismeánna” atá in ainm a bheith in ann gnéithe de phearsantacht daoine a mhíniú agus imeachtaí suntasacha ina saol a thuar bunaithe ar shuíomhanna reann neimhe; bíonn formhór na n-astralaithe gairmiúla ag brath ar chórais dá leithéid sa lá atá inniu ann.[5]

Téacs astralaíochta Ersu

Anuas trína stair, measadh gur traidisiún scolártha é an astralaíocht, agus bhí sé coitianta sa staidéar acadúil, go minic i ndlúthchaidreamh leis an réalteolaíocht, ailceimic, meitéareolaíocht, agus leigheas.[6] Phléadh i gciorcail pholaitíochta í, agus luaitear i saothair éagsúla litríochta í, mar shampla le Dante Alighieri, Geoffrey Chaucer, William Shakespeare, Lope de Vega, agus Calderón de la Barca. Le linn Ré na hEagnaíochta, áfach, d'imigh an astralaíocht as faisean mar réimse fiúntach eolaíochta.[7][8] Tar éis dheireadh na 19ú haoise, nuair a thosaigh úsáid an mhodha eolaíochta ar scála mór, d'éirigh le taighdeoirí an astralaíocht a bhréagnú ar bhonn teoiriciúil [9][10] agus ar bhonn turgnamhach[11][12], agus tá sé cruthaithe acu gan aon amhras nach bhfuil aon bhailíocht eolaíochta ná cumhacht míniúcháin aici.[5] Mar sin, chaill an astralaíocht a seasamh acadúil agus teoiriciúil, agus tháinig laghdú ar an líon daoine a raibh muinín acu aisti, go dtí go raibh borradh fúithi sna 1960idí.

Tagairtí

🔥 Top keywords: