Barra Mac Giolla Dhuibh
Is polaiteoir poblachtánach as Tír Eoghain é Barra Mac Giolla Dhuibh (Béarla: Columba Barry McElduff) a rugadh ar 16 Lúnasa 1966.[1]
Saol
Sa bhliain 1998, bhí Mac Giolla Dhuibh tofa don chéad uair mar theachta Tionóil.[2]
I mí Mheitheamh 2017, bhí sé tofa don chéad uair mar theachta parlaiminte Westminster do Thír Eoghain Thiar. Choinnigh Pat Doherty, Sinn Féin, an suíocháin go dtí gur éirigh sé as roimh olltoghchán 2017 nuair a tháinig Barra Mac Giolla Dhuibh i gcomharbacht air agus bua gan aon stró aige.[3]
Conspóid
Ní raibh bliain féin ag Mac Giolla Dhuibh mar fheisire sula mb’éigean dó éirí as nuair a mhaslaigh sé íobartaigh an tsléachta ag Kingsmill le scigfhíseán seafóideach. Ar an 5 Eanáir 2018, scaip Barra Mac Giolla Dhuibh físeán ar na meáin shóisialta de féin agus builín aráin ... de dhéantús Kingsmill ... leagtha ar a cheann aige, cothrom an lae i ndiaidh na heachtra Kingsmill,[4] cothrom an lae 42 bliain i ndiaidh na heachtra inar maraíodh deichniúr oibrithe as monarcha teicstíle agus iad ar a slí abhaile ón obair.
D’éirigh Mac Giolla Dhuibh as a phost ar 15 Eanáir 2018, de bharr na conspóide a bhain leis.[5]
Toghchán áitiúil, 2019
Sa bhliain 2019, fuair Mac Giolla Dhuibh an dara vóta ab airde ar an chéad comhaireamh i dtoghchán áitiúil.[6]
Pearsanta
Cainteoir líofa Gaeilge agus Béarla é Mac Giolla Dhuibh.