Bombus muscorum
Speiceas bumbóige san fhine Apidae is ea Bombus muscorum, ar a dtugtar an bhumbóg charda caonaigh go coitianta. Tá an speiceas le fáil ar fud na hEoráise i ndaonraí ilroinnte, ach is minic a fhaightear é san Bhreatain Mhór agus in Éirinn. [1][2] Is feithid eoshóisialta é B. muscorum, le banríonacha ag teacht chun cinn as gheimhriúchán i mí na Bealtaine,na beacha oibre i láthair ó mhí an Mheithimh ar aghaidh agus fireannaigh agus baineannaigh nua ó Iúil go luath i mí Mheán Fómhair. Déantar neadacha os cionn na talún i bhféarach ard ach oscailte. Tá sé ar cheann de na bumbóga carda a bhailíonn caonach agus féar tirim chun clúdach na neide a dhéanamh. Le blianta beaga anuas, tá laghdú suntasach tagtha ar a dhaonra mar gheall ar chailliúint gnáthóg nádúrtha. Tá B. muscorum liostaithe faoi láthair mar 'leochaileach' san Eoraip ag 'Liosta Dearg Eorpach na mBeach'. [3]
Taifead | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Hymenoptera |
Fine | Apidae |
Treibh | Bombini |
Géineas | Bombus |
Speiceas | Bombus muscorum Linnaeus, 1758 |