Hymenoptera
ord feithidí
Ord ilghnéitheach feithidí is ea na Hymnoptera. Tá timpeall 150,000 speiceas ann chomh maith le roinnt mhaith nach bhfuil cur síos orthu go fóill, ina measc na sábhchuileanna, na hadharcearraigh, na foichí, na beacha, agus na seangáin. Dhá phéire sciathán scannánach a bhíonn ag na feithidí fásta de ghnáth. Na codanna den bhéal oiriúnaithe i gcomhair coganta nó sú neachtair. Tá eagrú sóisialta ag cuid mhaith gnéithe. An feadán lena mbeireann siad uibheacha athraithe i gcomhair cealgtha uaireanta.
Taifead | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Eumetazoa |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Forord | Endopterygota |
Ord | Hymenoptera Linnaeus, 1758 |
Tháinig na chéad Hymenoptera ar an saol sa tréimhse Triasach. Sábhchuileanna ab iad agus ina mbaill den fhine ar a dtugtar na Xyelidae. Tháinig na chéad Hymenoptera sóisialta sa tréimhse Cailceach.[1]
Naisc sheachtracha
Tagairtí
🔥 Top keywords: